“Is thubhairt mo thuigse ri mo ghaol:
cha dhuinn an dúbailteachd:
tha ‘n coimeasgadh ‘sa’ ghaol”
(Somhairle McGill-Eain)

Flaithiúlacht. Cineáltas. Séimhe. Foighneas. Gnaíúlacht. Mórchroí. Craic an chomhluadair. Thig le gnéithe is coitianta an tsaoil seanbhealach céille a leagan síos dúinn lenár gcuid oibre in eagraíochtaí agus i gcomhlachtaí a dhéanamh ní hamháin níos daonnaí ach níos éifeachtaí san iomlán. Le léiriú na daonnachta tagann feabhsú an tsaoil.

Spreagadh an obair ar fad atá taobh thiar den suíomh seo sna nóchaidí nuair a bhí deis agam am a chaitheamh i measc phobail an cheoil tradisiúnta, idir amhránaithe agus ceoltóirí, anseo in Éirinn agus thall sna Stáit Aontaithe. Thug an daonnacht agus an dea-mhéin a mhothaigh mé ina measc dúshlán domh – an mbeinn in ann meon na fláithiúlachta sin a thuiscint mar fhuinneog isteach ar ghné luachmhar iompar an chine daonna? I ndiaidh domh 20 bliain a chaitheamh, tá mé réidh le cur síos a dhéanamh ar an mhachnamh a rinne mé, agus ar an dóigh a mhothaím anois go dtugann a bhfuil ann de dhea-mhéin an traidisiún treoir láidir dúinn daonnacht shaol na hoibre a fheabhsú go cuimsitheach.

Níl focal amháin ann i nGaeilge le ‘helpfulness’ an Bhéarla a aistriú – gheobhaidh tú ar a laghad cabhracht, feiliúnacht, fóint, cuidiúlacht, agus fuascailteacht san fhoclóir – ach an rud atá mé ag iarraidh a dhéanamh le fiche bliain anuas ná na bríonna agus na snáitheanna éagsúla a bhaineann le ‘helpfulness’ a léiriú. Ó leaba an bháis go crónán an chliabháin, ó pháistí na scoile go ceann ceann na comhlachta, caidé an dóigh is fearr leis an daonnacht is mó a fheileann dúinn a cleachtadh.

Aimsigh croí an chine daonna in ealaíon agus in éirim an chine daonna.

Tháinig Éirim na Garaíochta seo chun solais i ndiaidh domh blianta a chaitheamh ar thaighde ildánach agus staidéar trasearnálach. An rud a bhí mé ag iarraidh a aimsiú ná cúis an chothaithe, foinse an ratha, tobar an leasa, ó thaobh daoine, pobal, grúpaí, agus eagraíochtaí de. Lena rá ar dhóigh eile, bhí mé ar lorg cleachtais, prionsabal, is dearadh le garaíocht, s’é sin, ‘helpfulness’, a thusicint agus a chur i gcrích.

Cé nach mbaintear úsáid as an fhocal go minic na laethanta seo (sheas cainteoir dúchas ó Theas ar argóint nach raibh a leithéid d’fhocal ann agus gur chum mise an focal mé féin agus nach raibh i gceist agam ach cur i gcéill!), ciallaíonn ‘garaíocht’: bheith gar le deis agat a bheith garach.

San obair seo bainim úsáid as an fhocal “garaíocht” le ciall níos leithne a chur i bhfeidhm. Is é atá i gceist agam le garaíocht ná meon caidrimh ar leith nuair is dóigh é go dtiocfaidh na gnéithe is láiche, na gnéíthe is báúla chun tosaigh sa chomhluadar.

Tarlaíonn claonadh i dtreo na daonnachta ionann nuair a mhothaíonn muid an gharaíocht is dual dúinn.

Is é garaíocht cead reatha na daonnachta.

Tugann Éirim na Garaíochta cuireadh do dhaoine caidreamh níos teasaí a chleachtadh, go háirithe dóibh siúd a oibríonn in eagraíochtaí agus ar son comhlachtaí.

Dúshlán mór na daonnachta daonnú na hoibre.

Thig leat postaer Éirim na Garaíochta a íoslódáil saor in aisce nuair a chuireann tú d’ainm síos le nuachtlitir garaíocht.com a fháil uair amháin sa mhí. Chomh maith leis sin, thig leat leagan ard-chaighdeánach den phostaer a cheannach sa tsiopa mar A4.

Tá mé i dteangmháil le Seacourt Print Workshop i mBeannchar an Dúin le postaer ealaíonta A3 litirphreasach a dhéanamh, a bheidh ar fáil i Mí Dheireadh Fómhair.

“Cén dóigh a mbaintear úsáid as an fhocal i nGaeilge?”

Tá comhrá faoi lánsheol againn sa chistin. Níl fiú briosca amháin fágtha ar an phláta, agus cé go bhfuil braoinín beag tae fágtha ag bun an chupáin agam, tá sé fuar. Agus ní maith liom nuair a bhíonn mo chuid tae fuar. Tá tusa in aice leis an taephota, agus tá seans ann go fóill go bhfuil tae te go fóill ann.

Tá tusa gar don taephota. Níl mise. Dar liomsa, tá tusa san áit chuí le bheith cabhrach.

Tá tusa in áit na garaíochta.

Tháinig mé ar an fhocal ‘garaíocht’ don chéad uair agus mé ag léamh gearrscéalta Mháire (Séamus Ó Grianna), an cnuasach Cith is Dealán le bheith cruinn. Sa ghearrscéal “Sagart Éamoinn Sheáin Óig”, faighimid:

“Ar theacht chun an tí dúinn bhí sé ina shuí ar súgán [sic] sa chlúdaigh agus é ag cur paiste ar sheanbhríste, le solas na tineadh. Chuir sé fáilte romhainn agus d’iarr orainn suí.
‘Ní fhéadfainn a bheith fuar ionaibh,’ ar seisean, ag ligean an ghogáin fá réir. ‘Is iontach nach bhfuil sibh tuirseach ag déanamh cineáil orm … Tarraing an stól aníos in aice na tine, a Dhónaill … Goitse, a Mháire, ó tharla in áit na garaíochta thú, agus cuir snáithe sa tsnáthaid seo domh. Tá mé ag cailleadh an amhairc. … Go mbuanaí Dia amharc na súl agat, a leanbh …”(8)

Leis an fhírinne a dhéanamh, níor chuala mé an focal ariamh sa teanga labhartha taobh amuigh de shaothar liteartha Mháire, agus sílim gur léigh mé an téacs chóir a bheith fiche uair go dtí gur chuir mé suntas san fhocal. Ach sin déanta agam, phléasc féidearthachtaí an fhocail amach fríd mo chloigeann.

Má bhíonn suim agat i sanasaíocht na bhfocal, tagann “garaíocht” ón aidiacht “gar”, a chiallaíonn “in aice le”, agus b’fhéidir ag an am céanna ón ainmfhocal “gar”, a chiallaíonn “áis” nó “aisce”. Ar ndóigh, tá “garach” nó “garaí” istigh ann fosta, a chiallaíonn “cuidiúlach”. Cuireann an “-ocht” in iúl gur ainmbhriathar atá ann, mar sin bíonn gníomhú i gcónaí i gceist le “garaíocht”. Agus ní bhíonn ciall ar bith leis an fhocal muna mbaineann sé le comhluadar.

“Cé chum Éirim na Garaíochta?”

Mise a chum, Anthony Thomas McCann. Seo féinphortráid thar a bheith ealaíonta a rinne mé ar na mallaibh:

Thart fá seacht mbliain ó shin, d’iarr an cleasaí cruthaitheach Conann Fitzpatrick orm mo chuid taighde a mhúnlú mar a bheadh Forógra Agile ann.

An rud is mó a rith liom fá Fhorógra Agile ná chomh gonta agus a bhí sé, agus bhí fonn orm a mhacasamhail de ghearraíocht a dhéanamh don gharaíocht. B’fhada liom an turas. Agus ba mhinic a d’athraigh mé an ‘leagan deireanach’ a bhí agam (le fada ní raibh ach líne amháin ann, “Caidreamh thar Toradh,” agus is dóigh gur sin fealsúnacht an tionscnaimh go fóill). I ndiaidh domh seacht mbliain a chaitheamh air chinn mé ar Éirim na Garaíochta mar atá sí inniu.

Mar sin, cé mise, agus caidé a dhéanaimse? Tá cónaí orm i mBeannchar, condae an Dúin, i dTuaisceart Éirinn. Tá roinn cúraimí idir lámha agam thar na blianta – bhí mé i mo léachtóir agus i mo thaighdeoir ollscoile ar fud an domhain le fiche bliain. Rinne mé an obair seo sna heolaíochtaí sóisialta agus sna daonnachtaí (tuilleadh eolais faoi mo thuras oibre ar fáil ar mo shuíomh féin. Faoi láthair bím ag obair mar aoichainteoir go hidirnáisiúnta, mar chóitseálaí (focal eile ag éinne? Ní maith liom an focal seo) pearsanta agus gnó, mar aistritheoir, mar fhealsúnaí, mar scríbhneoir, mar fhile, mar amhránaí, agus mar siamsóir páistí. Seans ann chomh maith go mb’fhéidir gur chuala tú mé i mbun craolacháin mar iriseoir na míreanna idirnáisiúnta ar “Cormac ag a Cúig” nó “Údar Cainte” ar RnaG ó am go chéile. Tá taithí agam mar chraoltóir raidió le 25 bliain anseo is ansiúd, raidió pobail ach go háirithe. Sa bhaile bíonn freagrachtaí agam mar thuismitheoir (tá beirt páiste againn) agus mar churamóir do mo bhean chéile a bhfuil roinnt galair ainsealacha uirthi. Chomh maith leis sin, agus seo rún dhuit nach bhfuil sa leagan Béarla, bím ag saothrú liom ó lá go lá le neamhord hipirghníomhaíochta an easnaimh airde (ADHD). Gnóthach go leor san iomlán, caithfidh mé a rá.

Don chuid is mó bím ag obair na laethanta seo ar ábhair a bhaineann le tuiscint na garaíochta agus le hÉirim na Garaíochta. Bhí orm rud éigin a chumadh ar “Culture Change work” i nGaeilge. Níl a fhios agam an bhfeileann “comhoibriú le daoine le feabhas a dhéanamh ar mheon an chomhluadair in eagraíochtaí,” ach sin a dhéanaimse, i leith an ghnó, na sláinte, an oideachais, agus na síochánaíochta.

Tá post onórach agam le hOllscoil Canterbury Christ Church, áit a bhfuil mé ag comhoibriú le Dámh na Sláinte agus na Folláine mar Chomhalta Cuairte Sinsearach um Athraíocht agus Eagnaíocht in Eagraíochtaí leis an England Centre for Practice Development. Bhunaigh mé an Proximity Group (Foireann na Garaíochta) ar na mallaibh, le sainfhoireann ildánach a thabhairt le chéile le cabhair a thabhairt do dhaoine athruithe a chur i bhfeidhm le leas agus folláine eagraíochtaí. Chomh maith leis sin, glacaim páirt ghníomhach i ngréasán Tangible Ireland.

“Cárbh as a dtáinig ‘Éirim na Garaíochta’?”

Thosaigh an scéal seo ar fad tá fiche bliain ó shin, nuair a bhí mé ag treabhadh liom i measc taighde fá chóras eitice a bhraith mé idir na daoine a casadh orm i saol an cheoil traidisiúnta agus i saol na hamhránaíochta traidisiúnta, in Éirinn agus thall sna Stáit Aontaithe chomh maith.

Ba mhór an dea-chroí agus an fhlaithiúlacht a mhothaigh mé i measc na ndaoine sin, ní i gcónaí ach den chuid is mó. Chuir mé aithne ann mar gur airigh mé meon a bhí cosúil leis seo i ndaonnacht mo mhuintire féin agus mé ag fás aníos. Ach caithfidh mé a rá, cé go raibh an meon a mhothaigh mé sainiúl agus suntasach ó thaobh chultúr na hÉireann de, ní hamháin in Éirinn a bhí an meon daonna seo le fáil i measc daoine, ach ar fud an domhain. Agus, cinnte, mar is eol dúinn, is féidir féiniúlacht Éireannach a ghlacadh chugat féin agus saol gránna a chleachtadh ag an am céanna. Ní gá gur ionann ‘Éireannacht’ is garaíocht.

Dá mhéad a d’éirigh liom teacht ar thuiscint níos doimhne ar eitic coitianta seo na flaithiúlachta a tháinig chun solais i gcuideachta is amhlaidh a thuig mé nach amháin nár dúradh mórán fá dtaobh de ariamh, ach go mb’fhéidir gur sa dea-chaidreamh bríomhar seo a bhí fuascailt na faidhbe mar a bhain le dúshláin chultúr na hoibre, forbairt na bpobal, agus géarú an fhóiréigin.

Sa bhliain 2014 d’aithin mé an deis a bhí os mo chomhair amach leis an fhocal “garaíocht.” Dá gcuirfinn an téarma i leith na heitice laethúla seo, bheinn in ann úsáid a bhaint as i bhfad ón snáithe sa tsnáthaid le tuiscint níos fearr agus níos cruinne a fháil ar chothú agus rathú na daonnachta i saol na hoibre.

“Cén cineál caidrimh a ba mhaith leat a bheith i láthair duit féin agus don chuideachta?”

Domh féin, is í garaíocht foirm féin-eagrúcháin na daonnachta. Le tarlú na garaíochta, luíonn deiseanna i láthair na huaire, gach fail mar chuireadh dúinn in athruithe an tsaoil, gach idirgníomhú ina achmainn don comhshamhlaíocht daonna.

Leis an ciall níos leithne seo, muna mothaíonn tú garaíocht, níl garaíocht ann. Is í garaíocht an freagra a thugaimse féin ar Chéad Freagra chleachtas an eagrúcháin – “Cén cineál caidrimh a ba mhaith leat a bheith ann duit féin agus don chuideachta?”

Le hathleagan a chur ar fhocail Maya Angelou: Seans nach mbeidh aon chuimhne ag daoine ar a ndúirt tú, nach mbeidh aon chuimhne ag daoine ar a ndearna tú, ach beidh cuimhne go deo acu ar an chaidreamh a mhothaigh siad i gcuideachta leat.

Sa dóigh a mbainim úsáid as an fhocal ‘garaíocht’ in Éirim na Garaíochta, ciallaíonn sé:

“Atmaisféar ina mothaímid dóchúlacht na daonnachta, ina mbíonn sé de thoil agus d’fhonn agus d’acmhainn ag daoine bheith tuisceanach, mothálach, freagrúil, agus oiriúnaitheach. Cothaíonn an meon seo gníomhaíocht a chuireann le leas na cuideachta agus rath na timpeallachta.”

Mar sin, ní bhaineann garaíocht le duine amháin ina aonair ach le meon an chomhluadair, le hatmaisféar éiceolaíochta. Nuair a mhothaíonn duine garaíocht, mothaíonn sé é féin mar dhlúthchuid den tsaol timpeall air, fríd, agus ann. Má tá muid ann is mithid dúinn bheith ann – cleachtaímis an deis.

Nuair a labhraim fá gharaíocht tá mé ag labhairt fá chineál caidrimh is dual dúinn go dúchasach, a bhíonn ann i gcónaí mar rogha beatha, ach caidreamh a bhraitheann i gcónaí ar an chomhluadar atá i láthair ar an toirt. Is é paradacsa na garaíochta ná nach féidir coinníollacha na garaíochta a leagadh síos roimh ré nó a phleanáil. Dá mhéad iarracht a dhéanann tú garaíocht a bhrú isteach mar chuid de shaol eagraíochta is ea measa a éiríonn leat a dhéanamh.

Go minic déanann daoine iarracht athruithe a chur i gcrích le meon eagraíochta atá ag gabháil in olcas a fheabhsú, agus lena chois sin cuireann siad de dhualgas ar dhaoine comharthaí na garaíochta a chleachtadh go poiblí gan meon bunúsach na heagraíochta a athrú. Is é an bhealach mhór seo an t-aicearra le bheith cortha cloíte. Ní tharlaíonn garaíocht nuair a bhíonn cuma gan cleachtadh ann.

“Cén teachtaireacht atá tú ag iarraidh cur in iúl do dhaoine le hÉirim na Garaíochta?”

Is cuireadh í níos mó ná teachtaireacht, agus is teachtaireacht shimplí í. Dá mhéad a bhaineann sé leis an saol proifisiúnta, le saol na hoibre, luí isteach ar an daonnacht mar is dual duit.

“Nach raméis lag-intinneach ar fad an tionscnamh seo nach n-aithníonn chomh crua agus chomh searbh agus atá fíorshaol proifisiúnta na ndaoine?”

A mhalairt ar fad. Is féidir a admháil go dtéann gnáth-ardstrus na hoibre le leas gearrthéarmach daoine áirithe (ní nach ionadh, iad siúd atá in ardréim is mó a bhaineann leas as a leithéid de mheon). Ach de réir a chéile cuireann coinníollacha mar seo le haimhleas forleatach na heagraíochta mar seo a leanas:

  • Stíleanna cúraim is ceannaireachta – nuair a leanann ardstrus ar aghaidh mar ghnáthghné na hoibre, claonann na daoine atá i gceannas san eagraíocht i dtreo an tréan-údaráis agus glactar go héasca leis an smacht a chuireann siad i leith ar dhaoine;
  • Meon an chaidrimh i measc daoine san eagraíocht, caighdeáin chuí i leith thoradh na hoibre, agus an chineál gaoil a chleachtar nuair a bhíonn fostaithe i dteangmháil le custaiméaraí – dá mhéad a chúlaíonn daoine siar ó chúraimí na garaíochta is amhlaidh a théann meon na heagraíochta in olcas agus a scaipeann an drochmheon seo go gabhálach fríd an eagras;
  • Slándáil agus folláine na bhfostaithe agus na gcustaiméirí – le síothlú na garaíochta tagann borradh is fás ar mhéad na ndaoine a mbíonn tinneas orthu agus ar mhéad na ndaoine a bhíonn neamhláithreach mar gheall ar strus. Chomh maith leis seo, nuair a ardaíonn déine an struis i saol na hoibre ardaíonn dóchúlacht na dtimpistí a tharlófaí le cúis mí-airde dá réir;
  • Rannpháirtíocht agus inspreagadh na n-oibrithe agus na gcustaiméirí – Dá mhéad a mhothaíonn daoine go gcaithfidh siad claonadh go héigeantach le cuma na dearfachta agus iad ag obair faoi bhrú millteanach is amhlaidh a mhothaíonn siad coimhthíos i leith a bhfreagrachtaí, i leith a gcuspóra, agus i leith a gcustaiméirí;
  • Éascaíocht na cumarsáide  – íoróin amháin a bhaineann le hard-déine oibre ná gur iondúil go gclaíonn daoine go tréan leis an scoiteachas pearsanta mar gur aimsíonn siad cluthaireacht de chineál éigin i measc dhiansmacht na n-ordlathas, chomh maith leis an chosaint a bhraitheann siad ó bheith faoi scáth ghnéithe eile na hoibre mar scoilt na ndualgas nó sadhlannú na rannóg.  Mar sin féin, cé go mothaíonn daoine áirithe buntáiste éagsúla lena leithéid de chás tagann an claonadh ginearálta seo i dtreo an scoiteachais salach ar chomhoibriú, ar chomhchruthaitheacht, ar nuálaíocht, agus ar chlaochlú coimhlinte i saol eagraíochta.

De ghnáth nuair a tharlaíonn nach mbíonn eagraíocht inbhuanaithe ó thaobh an chultúir de is iondúil go dtéann folláine na heagraíochta in olcas go gasta le nach mbíonn sí inbhuanaithe ó thaobh an airgeadais de ach an oireadna laethanta seo i ndomhan broidiúil an ghnó.

Is léir go ndéanann daoine dearmad go bhfuil athrú meoin ar na dóigheanna is saoire agus is éifeachtaí le hathraíocht dháiríre i gcultúr eagraíochta a chur i gcrích.  Agus tá sé ar na dóigheanna is simplí fosta.

Ach ar ndóigh bíonn castacht i gceist chomh maith nuair a bhíonn an daonnacht ró-lom ar an oileán.

Nuair a thagann cuireadh chugainn le meon oibre atá droibhéalach a athrú trí mhodh an chaidrimh ag an aon am amháin nochtar cuireadh eile os ár gcomhair amach. Cuireann maolú déine orainn an fód a sheasamh i gcroílár mheon an chomhluadair – gach seans nach mbíonn muid tuartha leis an trédhearcacht, leis an inléiteacht, nó leis an fhreagrúlacht ghéar ghníomhach a spreagtar go forleathan ar comhchéim le daonnú eagrais. Is é an cuireadh a bhíonn romhainn mar sin ná misneach a bheith againn seasamh go fuascailte i lár na neamhchinnteachta gan a bheith ag súil le gortú. Is deacair a shamhlú go raibh a mhacasamhail a theagasc ar chúrsaí gnó sa chéad bliain seo a chuaigh thart. Cé go bhfuil athruithe ag teacht de réir a chéile, caithfear a rá go ritheann cuireadh na garaíochta in aghaidh an tsnáithe ó thaobh ghnáththeagasc nó ghnáthchleachtas na bainistíochta de.

Tá sé iontach tábhachtach nach ndéanamid neamhaird ar ghné amháin den scéal seo. Má tharlaíonn sé go mothaíonn tromlach na ndaoine nach iomchuí (nó nárbh iomchuí ariamh) meon na garaíochta do mheon na heagraíochta, bhuel comhartha trioblóide atá ann. Is droch-thuar don eagraíocht é. Méadaíonn go mór ar an dóchúlacht do dtiocfaidh dochar éigin chun solais, agus gan fhios an dtiocfadh sé chun cinn san eagraíocht féin nó lasmuigh den láthair oibre. Agus is cuma cé acu an bhfuil polasaí geal nua um acmhainní daonna agat nó réimse leathan uaillmhianach de ghníomhaíochtaí um fhreagracht shóisialta chorporáideach forbartha agat. Muna bhfuil spás ann don gharaíocht is deacair leas nó folláine na heagraíochta a chothú.

Déanann Éirim na Garaíochta go mbíonn deiseanna na daonnachta s’againn rí-lom ar an oileán.

Is cuireadh díreach fóinteach é an gharaíocht le heagraíochtaí a reachtáil mar a bheadh fiúntas is tábhacht iontu. Agus mar a bheadh daoine le fuinneamh is daonnacht ag saothrú iontu.

“Caidé atá ar intinn agat do Garaiocht.com amach anseo?”

Má tharlaíonn go mbeidh garaiocht.com ann mar áit amháin eile a spreagfaidh daoine chun comhrá is machnamh fá chúiseanna is impleachtaí na garaíochta is na cuidiúlachta, bheinn breá sásta.

Bíonn garaíocht.com i gcónaí i mbun forbartha agam. Beidh blag, aistí, acmhainní, liostaí léitheoireachta, treoracha staidéir, físeáin, ceardlanna, agus cúrsaí oiliúna ar an idirlíon ag teacht go luath.  Chomh maith leis seo, i measc seirbhísí garaiocht.com beidh clár meantóireachta le aghaidh cleachtais athmhachnamhaigh, seirbhísí éascaíochta, agus clár traenála dóibh siúd atá ag iarraidh fiúntas a bhaint as fealsúnacht na garaíochta le hathraíocht a chur i bhfeidhm ina gcuid oibre. Má tá fonn ort sult a bhaint as comhluadar na garaíochta tá sé ar intinn agam cuireadh a thabhairt do dhaoine teacht i gcuideachta a chéile i mBeannchar, Condae an Dúin, am éigin amach anseo. Má tá tuilleadh eolais uait fá na himeachtaí seo, liostáil d’fheasachán na garaíochta.

“An mbaineann tú féin tairbhe as Éirim na Garaíochta mar threoir bheatha is eitice?”

Caithfidh mé a rá go bhfuil achan rud ar an tsuíomh seo iontach pearsanta domh. Leis an fhírinne a dhéanamh, is é modh an dearthóir seachas modh an fhealsúnaithe an cur chuige a bhí agam ar dtús.

Is í an fhadhb deartha a bhí agam ná gur casadh na céadta daoine orm a bhí mín mánla, suaimhneach, críonna, d’fhoghlaim mé an-chuid uathu is bhí an-chion agam orthu, ach nuair a rinne mé iarracht saíocht a bhaint as na leabharthaí léinn a léigh mé san ollscoil thug mé faoi deara nár ní leis na húdaráis fealsúnachta, na léirmhínitheoirí polaitíochta, nó na saineolaithe dlí a leithéid de dhaoine don chuid is mó. Leis na céadta bliain tá saol na ndaoine is uaisle dofheicthe agus do-aitheanta ó thaobh an eolais fhoirmeálta dé. Mar sin is féidir a rá go bhfuil tost lárnach ann le fada maidir le heolas údarásach fán chine daonna a cheansaíonn de réir oird agus eagair an tuiscint is féidir a shaothrú ar fhéidearthachtaí an tsaoil agus ar an chiall is féidir a bhaint as a bheith ann, as a bheith beo, mar dhaoine i measc daoine.

In áit athchúrsáil a dhéanamh ar an fhealsúnacht croílofa atá in ardréim san acadamh ba é an dúshlán deartha a bhí agam na córas fealsúnachta a dhearadh ina mbeadh na daoine is séimhe sofheicthe so-aitheanta, agus níos tábhachtaí i gcónaí ná cruatan an tsaoil phroifisiúnta a bhfuil glacadh go forleathan leis.

Ar an amhlaidh sin thug na daoine lácha a raibh aithne agam orthu misneach domh go mbainfinn modh eitice amach a chabhródh domh athchalabrú a dhéanamh arís agus arís eile, lá i ndiaidh lae, le mo chuid daonnachta a thabhairt chun solais agus mé ag saothrú liom i saol na hoibre agus i saol an teaghlaigh araon.

Má éiríonn leis an fhéin-chomhrá seo daoine eile a mhealladh isteach chun cainte, buntáiste sa bhreis a bheidh ann.

Ní ach píosa beag den shaothar ar fad é coincheap na garaíochta, ach léiríonn an díogras a bhíonn ag daoine fán gharaíocht gur cuid barrthábhachtach é.

Rud amháin a ritheann go maith liom ná nach cur chuige saintreorach atá i gceist le hÉirim na Garaíochta – níl éigeantas ar bith ag baint léi.

Cuireadh atá ann eochairthosaíochtaí níos daonnaí a choinneáil os mo chomhair sa tsaol coitianta (is iad saol na hoibre agus an saol pearsanta an saol céanna iad, dar liom).  Tugaim gealltanas domh féin béim a chur ar gharraíocht na garaíochta. Ní hamháin go mbíonn an gealltanas sin fiúntach, ach, mar atá a fhios agam cheana, go mbíonn sé fóinteach. Airím go mbíonn an t-eolas sin ar fáil dúinn uilig ó dhúchas, cé nach dtugaimid seo faoi deara mar gheall ar dhaille croí. Is deacair muinín a bheith againn as garaíocht nuair a oibrímid go rialta mar a bheadh meon na garaíochta míchuí.

“An bhfuil foinse chreideamhach leis an tionscnamh seo?”

Ní thagann Éirim na Garaíochta go díreach as creideamh spioradálta ar bith, agus ní bolscaireacht faoi cheilt í ach an oiread.  Is é bunchúis choincheap na garaíochta ná an taighde ar fad atá déanta agam sna heolaíochtaí sóisialta ar na coinníollacha sainiúla a chothaíonn eitic agus gníomhaíocht shóisialta in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Chomh maith le mo thaithí phearsanta is phroifisiúnta féin, ar ndóigh.       Ag an am céanna, ní shílim go dtagann Éirim na Garaíochta salach ar na tuiscintí ab fhóintí dár fhoghlaim mé ó thraidisiúin spioradálta éagsúla agus mé ag saothrú liom go dtí seo.

Níorbh fhéidir liom diúltú gur tógadh le creideamh mé. Ba dhiagaí é m’athair agus tógadh mar Chaitliceach mé – sa Nua-Shéalainn nuair a bhí mé óg, agus in Éirinn ó bhí mé ocht mbliana d’aois (ba mhór an difear eatarthu). Ó thaobh an chreidimh de, i dteaghlach s’againne chuir mo thusimitheoirí an-bhéim ar urnaí agus ar aifreann, ar ndóigh, ach bhí fáilteachas, aíocht, gaolacht, agus ceartas sóisialta chomh lárnach céanna.  Thug a d’fhoghlaim mé ó mo thuismitheoirí muinín domh go n-imrímid uilig tionchar ar an saol, agus go mbíonn sé d’acmhainn againn gabháil i bhfeidhm ar an saol sa dóigh is go rachadh sé le leas seachas le haimhleas daoine eile. Níl cleachtas spioradálta idir lámha agam na laethanta seo, ach tá dúspéis acadúil agam fós i bpolaitíocht radacach na luath-Críostaíochta.

“Cárbh as a dtáinig an íomhá atá ar bharr an leathanaigh?”

“Celtic Abstract on Blue” teideal na híomhá agus dearaíodh í ag Jane McIlroy, ealaíontóir a bhfuil aithne agam uirthi i mo cheantar féin.

Ceisteanna ar bith eile?

Is féidir leat ríomhphost a chur chugam ag hello@garaíocht.com. Cuirfidh mé freagra chugat chomh luath agus a thig liom.